Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Oiriúntais réasúnta

Tá scéim na nOiriúntas Réasúnta ceaptha chun cabhrú le hiarrthóirí a bhfuil riachtanais speisialta acu ag na scrúduithe Teistiméireachta. Baineann an téarma riachtanais speisialta le hiarrthóirí a bhfuil deacrachtaí fisiceacha/míochaine agus/nó deacrachtaí sainiúla foghlama acu.

Tá oiriúntais réasúnta ceaptha ionas go mbainfidh siad ar shiúl a oiread agus is féidir tionchar míchumais ar fheidhmiú iarrthóra, ionas gur féidir leis a leibhéal gnóthachtála a thaispeáint i scrúdú, níl sé i gceist go gcúiteodh siad aon easpa fhéideartha ghnóthachtála a tharlaíonn de bharr míchumais.

Meastar iarratais ar Oiriúntais réasúnta laistigh de chreat foilsithe prionsabal (Tuarascáil an tSainghrúpa Chomhairligh–Eanáir 2000) agus seolann an scoil a bhfreastalaíonn iarrthóir uirthi isteach iad ar fhoirmeacha iarratais atá ceaptha. Iarrtar iarratais de ghnáth bliain amháin roimh an scrúdú a bhíonn i gceist.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.